Saturday 22 February 2014

Babhta 2 Sraith Náisúinta agus Corn Mhic Shigúir ar ais cois Laoi.

D'oscail Christopher Joyce an scóireáil do Chorcaigh anocht i bPort Laoise le gaoth láidir ag séideadh ins an treo ceart dóibh. Lean Corcaigh ar aghaidh go láidir le cúlíní ó Cadogan, Harnedy, Egan agus cúpla puc saor ó Horgan agus ag leath am, bhí aon chúilín déag ar chlár an scór do Chorcaigh gan ach trí ag Laois. Ach, le sin a rá, bhí pínós sábhálta acu ón fhear nua Darren McCarthy agus bhíos ag súil go mbainfeadh Laois usáid as an gála sa tarna leath. Ach ní mar sin a bhí sé. Bhí teaicticí cosainte ag Laois agus dá bharr sin, níor fuair siad cúpla paointe eile, iad go léir ag teacht ó Stephen Maher seachas ceann amháin. Níor thánaig ach cúilín amháin ón imirt do Chontae Laoise agus mar sin bhí díoma orm leo. Ach, bhíos sásta le Alan Cadogan, é ag feidhmiú go maith, thánaig sé slán le trí phaointe agus ceapaim gur chomhair súil a choiméad air don chuid eile don tsraith. Thánaig Michael Cahalane isteach do Phatrick Horgan agus fuair sé deis déanach ar an chúl ach sábháladh é. Níor thuig mé cén fath gur thóg JBM Patrick Horgan ón bpáirc. Táim i bhfábhair leaids nua a thriall ach ba comhair go mbeadh taithí ar an bpáirc chomh maith agus nuair atá an difríocht scórála chomh tabhactach, ní dóigh liom gur chomhair an tosaí is dainséaraí a bhaint don pháirc. Is cuimhin liom go ndúirt Jimmy Barry Murphy go theastaigh uaidh an leas is fearr a bhaint as an tsraith an bhliain seo mar níor thriall sé go leor imreoirí anuraidh. Mar sin b'fhéidir nách bhfuil sé ró-thógtha leis an tsraith. Ar nóta dearfach, tá dhá paointe againn, d'imir Stephen McDonald, Christopher Joyce agus Alan Cadogan go maith agus is deas an rud é Séamus Harnedy a fheiscint ar ais. Níl sé cothrom muintir Laoise agus na imreoirí eile ó Chorcaigh a céasadh nuair a bhí na coinníolacha chomh olc sin, áfach. Taistailíonn Corcaigh go dtí mBaile an Chaistil anois chun Aontroim a imirt i gceann coicíse agus táim cinnte nách tasc éasca a bheidh ann, le foireann gan mórán taithí. 

Coiméad súil ar Alan Cadogan as Corcaigh - Ag feidhmiú go maith. 

Tá roinnt cluichí suimúla sa tsraith amárach, an ceann is suimúla b'fhéidir ná Tiobraid Árann i gcoinne na Cait i bPáirc Uí Nualláin. Tá foireann láidir á chuir amach ag Brian Cody, le cúig athrú ón cluiche i gcoinne An Chláir. Tagann TJ Reid agus Tommy Walsh isteach agus fós tá Brian Hogan, Lester Ryan, Walter Walsh, Colin Fennelly, agus an Rí, Henry Shefflin ag tosnú. Maidir le Tiobraid Árann, níl ach athrú amháin le Paddy Stapleton ag teacht ar ais ó gortúcháin agus John O'Dwyer ag caillúint amach. Sna cluichí eile i Roinn 1A tá Gallaimh ag imirt i gcoinne Port Láirge as bhaile agus An Chláir ag taistil go Páirc Pharnell chun aghaidh a thabhairt ar na Dubs. Táim ag súil leis an cluiche deireach sin, toisc an coimhlint idir Davy and Daly. Bheinn ag súil le cluiche níos fearr as na Dubs ón lá faoi dheireadh ar aon nós. Maidir le Roinn 1B, tá dhá chluiche maithe ar súil agus is iad san Loch Gorman i teacht in agaidh Uibh Fhaillí agus Luimneach ag imirt in aghaidh Aontroim. Táim ag súil le troid ó Uibh Fhaillí ón ráiteas 'fat bellies' ó Ger Loughnane ach is dóigh liom go bhfuil muinir Loch Gorman ag súil le taispeantais maith ó Jack Guiney agus Lee Chin. Ní luífidh foireann ar bith síos, bí cinnte de sin!

Imreoidh Tommy páirt lárnach dos na Cait amárach

Thóg Ollscoil Chorcaí Corn Mhic Shigúir abhaile don chéad am ó 2011 anocht le bua thar na hostaigh UUJ agus is é Conor Dorman an laoch tar éis a chúilín drámatúil san 59ú nóiméid. Níor chuir an droch-scéal maidir le fear Raonaithe Nemo, Alan Cronin, as do UCC ró-mhór agus thosnaigh siad go han-laidir le cúilíní ó Conor Cox agus Tom Clancy. Ní fuair UUJ a chéad scóir go dtí an taonú nóiméid is fiche agus níor cabhraigh an cárta dubh do Dean McNally le chursaí. Ach, níor ghéill UUJ agus thanáig siad ar ais go mór le ceithre phainte ó Ronan O'Neill. Fiú amháin gur ghéill UCC sé phaointe as a chéile, sheas Conor Dorman suas leis an chúilín ríthabhachtach. An dara teideal Corn Mhic Shigúir i gceithre bliana do Ollscoil Chorcaí faoi bhainistíocht Billy Morgan agus teidil atá tar éis teacht le bua os cionn UUJ. Comhghairdeas UCC! 

Corn Mhic Shigúir á árdú ag Paul Geaney, UCC


Má bhfuil tuairim ar bith agat ar eachtraí na deireadh seachtainne fág shíos sa bhosca é. Go raibh míle maith agaibh!

Fóclóir:
  • an gála = the gale
  • teaicticí cosainte = defensive tactics
  • dá bharr sin = because of that
  • seachas = except
  • bhí díoma orm leo = I was disappointed with them
  • é ag feidhmiú go maith = he did well
  • súil a choiméad air don chuid eile don tsraith = keep an eye on him for the rest of the leauge
  • Fuair sé deis déanach ar an chúl ach sábháladh é = He got a chance at goal but it was foiled
  • Táim i bhfábhair leaids nua a thriall = I'm in favour of trying new lads
  • taithí = experience
  • nuair atá an difríocht scórála chomh tabhactach = when the scoring differnce will prove to be important
  • tosaí is dainséaraí = most dangerous forward
  • Is cuimhin liom = I remember
  • theastaigh uaidh an leas is fearr a bhaint as an tsraith = he wanted to use the leauge as best as he could
  • anuraidh = last year
  • Ar nóta dearfach = on a positve note
  • Níl sé cothrom muintir Laoise (...) a céasadh = It's not fair to criticize the Laois team or the other Cork players
  • na coinníolacha = the conditions
  • áfach = however
  • Baile an Chaistil = Ballycastle
  • i gceann coicíse = in a fortnights time
  • na Cait = The Cats
  • Páirc Uí Nualláin = Nowlan Park
  • as bhaile = away
  • an coimhlint = the conflict
  • ráiteas = statement
  • Ní luífidh foireann ar bith síos, bí cinnte de sin! = You can be sure, neither team will lie down to one another
  • na hostaigh = the hosts
  • chúilín drámatúil = dramatic point
  • Níor chuir an droch-scéal (..) as do UCC ró-mhór = The bad news regarding Cronin didn't put UCC out much
  • an taonú nóiméid is fiche = The twenty first minute 
  • ghéill UCC sé phaointe as a chéile = UCC conceded 6 points in a row
  • an chúilín ríthabhachtach = the vital point




No comments:

Post a Comment