Tuesday 18 February 2014

Trí as a chéile do UCC?

Bainfidh sé an-gheit asam más rud é nach bhfuil UCC chun an Corn Mhic Giobúin a buachaint. Fiú amháin gan Conor Lehane, atá gortaithe ón Sathairn, bhí cúig cúliní sa bhreis acu ar UCD inniu. Chomh maith le sin, bhí UCC ábalta Seamus Harnedy, Colm Spillane agus Shane O'Donnell a thabhairt on mbínse, leaids a nimríonn le foireanneacha Chorcaí agus an Chláir. Ná bí ag labhairt faoi panéil láidir! Bhí a réaltaí féin ag UCD ar nós Jack Guiney a nimríonn le Loch Gorman agus David Tracey ó mBÁC ag UCD agus ní féidir dearmad a dhéanamh ar buachaillí Chill Chainnaigh le John Power agus Walter Walsh, ach bhí an iomarca ag Ollscoil Chorcaí dóibh agus anois tá siad ar an mbóthar cheart chun an trí as a chéile a bhaint amach. 1-20 go dtí 1-15 ab ea an slí a chríochnaigh sé.

Conor Lehane - Caillúint mór do UCC inniu

Ins an cluiche eile, bhí seacht bpaointe sa bhreis ag WIT ar DIT tar éis am breise. Ba é Pauric Mahony (Imríonn sé le Port Láirge) an réalt do WIT le 14 cúlín (10 ó pucanna saor). 1-21 go dtí 1-14 ab ea an scór deireadh.

Griangraf ón gCorn Mhic Giobúin inniu. 


Amárach beidh UL in aghaidh LIT i UL ag a 2.30i.n. agus CIT in aghaidh NUIG i CIT ag a 2.30i.n. chomh maith. Lean @HigherEdGAA chun coimead suad chun dáta leis an Chorn Mhic Giobúin agus an Corn Mhic Shiguír.

Má bhfuil tuairim agat ar an Corn Mhic Giobúin, fág nóta nó sheol Tweet do @PucSaor agus usáid an hashtag #PucSaor GRMA!

Fóclóir
Bainfidh sé an-gheit asam = It will greatly surprise me
Corn Mhic Giobúin = Fitzgibbon Cup
ón mbínse = from the bench
Bhí a réaltaí féin ag UCD = UCD had their own stars
an iomarca = too much
tá siad ar an mbóthar cheart chun an trí as a chéile a bhaint amach = They are on the road for the 3 in a row
am breise = extra time
Lean = follow
Corn Mhic Shigúir = Sigerson Cup

No comments:

Post a Comment