Monday 30 June 2014

Pictiúirí na Seachtainne

Tar éis gach deireadh seactainne, teastaíonn uaim na pictúirí is fearr a chuir suas ar an mblag. Faighim iad seo  ó Sportsfile, Inpho agus GAA.ie agus roinnt áiteanna eile. Bainigí taitneamh astu. Má bhfuil aon moladh agaibh, chuir chugam iad sa bhosca comments nó ar @pucsoar ar Twitter nó anseo ar Facebook. 

Ná tóg do shúil ón liathróid!

Nuacht na Seachtainne 30/06/14

Dia Dhaoibh a chairde agus fáilte go dtí seachtain eile ar Puc Saor. 

Deireadh seachtainne lán eile a bhí ann le Craobh Comórtas Laighin ag tógaint lár na stáitse. Bhí an ath-imirt idir Cill Ceannaigh agus Gaillimh faoin solas toisc nách raibh éinne chun é a craoladh ar an dteilifís. Ar ndóigh bhí an-díoma ar daoine nách mbeadh abálta an chluiche tabhachtach seo a fhesicint. Níl ach spás do fiche míle i bPairc Uí Chonchobhair agus is méid an-bheag é sin nuair nách bhfuil an cluiche ar teilifís. Ar aon nós...
D'fhan an laoch seo amuigh ar an bpáirc ar feadh 40 nóiméid leis an lucht leanúna. 
Bhí roinnt fir nua ar an dhá foireann agus tháinig Tommy Walsh, Brian Hogan agus Aidan Fogarty isteach ar foireann Cill Ceannaigh. Is rud mór é gur féidir le Brian Cody fir comh maith leo súid a thabhairt isteach le haghaidh cluiche tabhachtach. Bhí tús splódrach ag TJ reid agus lastigh do chaoch na súile bhí 1-1 ag an bhfear ó Baile hÉil. Ach nuair is féidir na Cait é a dhéanamh ag taobh amháin, bhí Jason Flynn ábalta an líóntán a bhualadh ar an taobh eile. Níor ghéill Cill Ceannaigh agus bhíodar i suíochán an tiománaí ag leath ama nuair a chuadar isteach dhá phaointe chun tosaigh, 1-11 go dtí 1-9. 

Tommy Walsh.. Ard-fhear!
Ní raibh mórán chuir isteach ag Joe Canning chun a bheith macánta agus bhog Anthony Cunningham é go dtí taobh na cearnóga tar éis leath ama. Ach ansin tháinig buille maraithe na muice nuair a thóg Aidan Fogarty seat ón talamh chun an sliotar a chuir taobh thiar do Colm Callanan. Bhraith tú go raibh Cill Ceannaigh chun tiomáint ar aghaidh ansin. Le cúlíní ó TJ Reid agus Richie Hogan ní raibh rudaí ag dul ró mhaith dos na Gaillimhigh. Bhí Conor Cooney ag coiméad an Gaillimh sa chluiche agus tar éis do Joe Canning puc saor ón fiche a haon a chuir ar fóraoil, bhí Cooney rí-thabhachtach don Gaillimh. Ag droidim i dtreo deireadh an cluiche ní raibh ach ceithre cúlín idir eatarthu ach is iad Cill Ceannaigh a fuair an cúl nuair a bhí sé ag teastáil ón nGaillimh ó TJ Reid a raibh dochreidte don oíche ar fad ag críochnú an cluiche le 2-11. Bogann Cill Ceannaigh ar aghaidh go dtí Cluiche Craoibhe Laighin i gcoinne Báile Átha Chliath agus is cluiche é sin go bhfuilim ag súil go mór leis. Comh maith le sin, tá cluiche eile suimúil idir an Gaillimh agus Tiobraid Árann ins an chéad babhta dos na babhtaí cáilithe. Deacair a rá cé a mbeidh an bua acu sna dhá cluichí sin, cad a ceapann tusa? Abair liom anseo, anseo nó anseo! 

Conor Cooney príomh-fhear na Gaillimhigh inné
Sna cluichí eile, d'imir Laois agus Port Láirge i gcluiche cáilithe agus bhí bua éasca ansin acu. Bhí briseadh croí in ann do Aontroim nuair a chuir David Kenny an sliotar i líontán Aontroime in am cúitimh gortaithe tar éis do Jamas McGrath puc saor isteach a thabairt do Uibh Fhaillí nách comhair go mbeadh aon puc saor ann! Bua maith do Uibh Fhaillí agus ceann a raibh ag teastáil go géarr uatha ach fós, braithim an-brónach d'Aontroim. Tá an spórt abálta tú a ghortú i go leor slithe. 
Conor McKinley ag coiméad suas le Conor Mahon inné. 
I nuacht eile, táim díreach tar éis 'Fields of Fire' ó Damien Lawlor a ceannach (tá tairiscint i Easons faoi láthair) agus beidh mé ag déanamh léirmheas ar comh luath agus atá sé léite agam. 


Ná dein dearmad go mbeidh pictúírí na seachtainne ag teacht i gceann tamalín agus go bhfuileamar ar Facebook agus Twitter comh maith.

GRMA!

Wednesday 25 June 2014

Fís: Scóireanna den Scoth

Gach seachtain chuireann an CLG fís dos na cúl agus cúilín is fearr ón deireadh seachtainne suas ar an suímh idirlíon atá acu. An tseachtain seo tá scóireanna ón nGaillimh agus Cill Cheannaigh comh maith le roinnt ón Craobh Comórtas Peile. Bainigí taitneamh astu.


Monday 23 June 2014

Pictiúirí na Seachtainne

Tar éis gach deireadh seactainne, teastaíonn uaim na pictúirí is fearr a chuir suas ar an mblag. Faighim iad seo  ó Sportsfile, Inpho agus GAA.ie agus roinnt áiteanna eile. Bainigí taitneamh astu. Má bhfuil aon moladh agaibh, chuir chugam iad sa bhosca comments nó ar @pucsoar ar Twitter nó anseo ar Facebook.

An Grian ag taitneamh i bPairc Uí Chaoimh le haghaidh Corcaigh v Tiobraid Árann

Na Babhtaí Cáilithe 2014

Déanadh an tarraingt don céad babhta dos na cluiche cáilithe ar maidin agus is iad seo mar a bheidh na cluichí sin.  

Níos mó iománaiocht agus níos mó drámaíocht - Crobh Comórtas Cúige Laighin

Caithfidh mé a rá, is mór an pléisúir domsa a bheith ag scríóbh faoi iománaíocht nuair atá an méid seo drámaíocht ann! Ní aontaíom le Michael Duignan ag rá go bhfuil Craobh Comórtas iontach againn mar ní dóigh liom go bhfuil ardchaighdeáín iománíochta ann fós. Ach níl dabht ar bith tá flosc ag baint leis mar go bhfuil sé comh oscailte agus is féidir le éinne dul ar aghaidh agus Liam Mac Carthaigh a bhuachaint. Dhá fhoireann a thánig níos gairre don sprioc sin inné ná Cill Ceannaigh agus Gaillimh. 

Aimsir foirfe don chluiche

Thursday 19 June 2014

Táimíd ar Facebook!

Faoi dheireadh, chuir mé leathanach Facebook le chéile chun go mbeidh daoine na postanna is déanaí a fháil ón amlíne. Más é bhúr dtoil é, brúígh 'like' chun sinn a thosnú. Brúigh anseo chun dul ann anois!


Tuesday 17 June 2014

Babhta Cáilithe - Míniúchán

  • Beidh dhá ghrúpa sna babhtaí

Craobh Comórtas Cúige Laighin

Loch Garman-v-Baile Átha Chliath
Go mí-ábharach níl Sky Sports againn sa bhaile agus mar sin chaill mé amach ar an gcluiche idir Loch Garman agus Baile Átha Chliath ach toisc go bhfuil na buachphaointí ar GAA 2014 gach oíche Dé Luain comh maith sin agus i bhfad níos faide ná na cinn ar The Sunday Game, bhíós ábalta roinnt mhaith don aicsean a fheiscint. Bhí, tá agus beidh an-mheas agam ar Loch Garman. Is iománaithe iontach iad agus gach bliain ní féidir leo iad a díbhe.

Monday 16 June 2014

Pictúirí na Seachtainne

Tar éis gach deireadh seactainne, teastaíonn uaim na pictúirí is fearr a chuir suas ar an mblag. Faighim iad seo  ó Sportsfile, Inpho agus GAA.ie. Bainigí taitneamh astu. Má bhfuil aon moladh agaibh, chuir chugam iad sa bhosca comments nó ar @pucsoar ar Twitter.  

Gan Nash, gan fadhb!

Dia dhaoibh a  chairde, 
Nuair a bhí mé i mo shuí san Ardán Nua inné, cúpla nóiméad roimh tosach an cluiche, bhíos ar nós imreoir mar go raibh an méid sin féileacháin i'm bholg. Bhí ar Corcaigh an cluiche seo a bhuachaint. Muna raibh siad chun buachaint ar an gClár arís, buille síceolaíochta olc a bheadh ann.

Thursday 12 June 2014

Pictiúirí na Seachtainne

Tar éis gach deireadh seactainne, teastaíonn uaim na pictúirí is fearr a chuir suas ar an mblag. Faighim iad seo 

Corcaigh, Nash agus Ath-Imirt Craobh na hÉireann

Dia dhaoibh a chairde!
Tá orm mo leithscéal a ghabhadh toisc go bfhuil an post seo comh déanach ach táim an-ghnóthach faoi lathair ag obair. Ar aon nós, tósnóidh mé leis an gcluiche idir Corcaigh agus Port Láirge an Domhnach seo caite. Bhíos ag an gcluiche agus caithfidh mé

Tuesday 3 June 2014

Pictúirí na Seachtainne

Tar éis gach deireadh seactainne, teastaíonn uaim na pictúirí is fearr a chuir suas ar an mblag. Faighim iad seo ó SportsfileInpho agus GAA.ie. Bainigí taitneamh astu. Má bhfuil aon moladh agaibh, chuir chugam iad sa bhosca comments nó ar @pucsoar ar Twitter. 

An Pictiúir is deise ón deireadh seactainne- Ar an slí abhaile ó Comórtas Peile na Gaeltachta, stop an mbus ina raibh foireann peile CLG Naomh Columba ó Dún na nGall chun cabhrú le feirmeoir a chuid mhóin a casadh! Maith sibh a bhuacaillí!
Seo iad na buachaillí tar éis an post a bheith críóchnaithe acu. @CLGNaomhColumba
Pínós sábhálta ag foireann Cill Dara i gcoinne An Mhí sa chomórtas Chrisy Ring 
Seampíní Comórtas Peile na Gaeltachta 2014 - Captaen Chill Chartha Marc Mac Aoidh leis an gcorn
Ní bhíonn obair na mná críochnaithe riabh! Mná i Maigh Chuilinn ag eagrú an glanadh suas tar éis deireadh Comórtas Peile na Gaeltachta
Faigheann Liam Óg McGovern an cúigiú cúl do Loch Gormain. 
Tabhacht Craobh na Mumhan le feiscint in aghaidh Séamus Hickey tar éis Luimneach an bua a fháil ar Tiobraid Árann
Déantar dearmad ar roinnt contae nuair a labhraítar faoi paisean. Tá go leor de le feiscint i gcorp Eoin Reilly tar éis an caillúint cung i gcoinne na Gaillimhe. 


Monday 2 June 2014

Comórtas Peile na Gaeltachta 2014


Cuireadh tús le cluiche craoibhe Comórtas Peile na Gaeltachta le tosach splódrach ó Cill Chartha inniu i Maigh Cuilinn agus ba é Rian Mac Aoidh an fear leis an tionchar is mó ar an gcluiche le cúlíní luath. Níor chuaigh chúis foireann Mícheál Breathnach i bhfeabhas nuair a chuaigh Tommy Ó Conghaile ón bpáirc le gortúcháin. Chuir siad mórán deiseanna ar chúil amú agus bhí Chill Chartha lan ábalta iad a scóráil ag an taobh eile. Fuair Eoin Mac Aoidh an chéad chúl do Chill Chartha agus d'aimsigh fhear an chluiche Rian Mac Aoidh an dara chúl dóibh. Ní raibh cursaí ag féachaint go maith dos na Gaillimhigh ach, chun an cheart a thabhairt dóibh, d'eirigh leo cúpla scór a fháil, ón gcúlbaire agus eile. Bhí Fiontán O Curraoin ag imirt go maith i lár a 'ghoirt. Chuir TG4 staitisteach suimúil suas; nách raibh ach 60% do sheilibh na liathróide ag Chill Chartha ach fós bhí bearna mór idir na foirne. Cén fáth? Mar go raibh leaids Mícheál Breathnach ag cuir cuid mhaith deiseanna amú agus d'fhéach siad i bhfad níos traochta ná Cill Chartha. Bhí an t-adh le Mícheál Breathnach nách ceadaíodh an triú cúl do Chill Chartha agus measaim gur comhair an buntáiste a imirt sa chás sin. Fiú amháin nuair a d'fhéach an cluiche go raibh sé thart, d'éirigh le Mícheál Breathnach iad féin a chuir ar ais sa chluiche le ciceanna saor ó Pheadar Ó Cionnigh agus bhí tionchar maith ag Sean Denvir ar cúrsaí ó a tháinig sé isteach. Ag leath ama, bhí chlár an scóir ag léamh 2-07 do Chill Chartha, 0-6 do CLG Mícheál Breathnach. Thosnaigh an tarna leath cosúil leis an chéad leath le cúlín ó leath-chúlaí Chill Chartha agus ceann eile ó Mícheál Ó hÉigeartaigh. Chuir cúlín Ashley Mac Ghiolla Cheara fir Dhún na nGall deich gcúlín chun cinn ach ní raibh críochnaithe ag na Gaillimhigh fós. Le Peadar Ó Cionnigh agus Seán Denvir ag imirt go maith agus Fiontán O Curraoin ag marú é féin ar son na chúise, ní raibh ach cúig chúlín idir na foirne tar éis scór glóite ó Dhenvir a thug ardú chroí do fhir Mhícheál Breathnach. 

CLG Chill Chartha i gcoinne CLG Míchaél Breathnach inniu

Tar éis cúpla liathróid a chuir isteach i láimhe na cúlbáire, bhí scóir ag teastáil ó Chill Chartha agus cé eile ach Eoin Mac Aoidh chun an scóir sin a sholáthar do fhir Tír Chonaill. Chríochnaigh an cúl sin an chluiche agus le cúpla cúlín eile ó Rian Mac Aodh agus cúpla imreoirí eile Chill Chartha, is iad súid seaimpainí Comórtas Peile na Gaeltachta 2014Nuair a smaoiníonn tú nách raibh an imreoir idir-chontae Paddy McBreaty fiú amháin ag imirt leo inniu, ceapaim nách bhfuil deireadh feicithe againn don fhoireann seo. Le sin, bhí sé an deacair an cinne a dhéanamh ar Loach na himeartha idir Eoin Mac Aoidh agus Rian Mac Aoidh ach ceapaim go bhfuil sé beaganín níos ó tuillte ag Rian. An bhfuil an féidireacht ann go mbeidh buachaillí Chill Chartha i bPáirc an Chrócaigh ar Lá 'le Pádraig an mbliain seo chugainn? Abair liom sa bhosca 'comments' shíos nó ar Twitter @PucSaor

Laoch na himeartha - Rian Mac Aoidh
Comhghairdeas libh a bhuachaillí! 

P.S Bhíos an-tógtha leis na hOiléanaigh inniu sa chraobh sóisir. Measaim gur d'imir siad le luas, scil agus stíl agus bhi an corn tuillte acu tar éis a bheith comh-chóngarach an bhliain seo caite. Comhghairdeas leo agus tá súil agam go mbainfidh siad taitneamh as na céilúireadh sa bhaile anocht.
Comhghairdeas le CLG Oileain Árainn a bhuaigh an chraobh sóisir inniu sa Chomórtas

Sunday 1 June 2014

Mo ghrá thú, Iománaíocht!

Bhuel a cairde, táim fós sceitimíneach tar éis an cluiche sin! Tá súil agam go mbeidh níos mó cluichí mar sin níos déanaí sa chraobh ionas go mbeidh na leaids i Sasana agus a leithéid ábalta spóirt den scoth mar sin a fheiscint ar Sky!
Íomhá iontach do Nicky Quaid ag an fheadóg deireadh
Mar is ghnáth, tháinig Luimneach isteach sa chluiche le craiceann ar tine acu agus thóg sé go leor am ar Tiobraid Árann teacht isteach sa chluiche. Ach le sin, measaim go rabhadar níos sásta ná fhir TJ Ryan ag an mbriseadh toisc go raibh said cothrom gan mórán déanta acu. Coiméad Bonnar Maher iad sa chluiche ag an bpaointe sin le chúl luath mar freagra ar an chúl splódrach a fuair Shane Dowling ó liathróid marbh. Bhí cluiche iontach tríd is tríd ag James Ryan agus bhí sé mar pillín lainse do Luimneach i lár na páirce. Bheinn díomach le Luimneach toisc nách bhruaigh siad ar aghaidh ag an bpaointe sin le cúilíní ó Hannon agus Dowling ach ní mar a bhí sé.
Shane Dowling - Cluiche iontach aige inniu
Chun a bheith macánta, níor cheap mé go mbeadh Luimneach ábalta an luas a choiméad suas agus nuair a fuair Gearóid Ryan cúl, dhá nóimead tar éis tús an dara leath, bhíos ag rá liom féin 'sin é'. Bhí Luimneach tar éis cúpla liathróid amadach a chuir ar fóraoil agus bhí Tiobráid Árann ag dul go maith. Bhí Dónal Ó Grady inspiorádach mar captean agus tar éis do Dowling puc saor eile a chuir thar an trasnán, tháinig píosa imirt álainn a thánaig chun deireadh le Donal O'Grady ag cur an sliotar thar an trasnán ó fad uafásach. Díreach tar éis sin a dhéanamh, chuir sé Luimneach chun cinn le cúilín eile.

Cabhraigh cúl ón fhear seo, Gearóid Ryan le cúrsaí TÁ
Gach uair a fuair foireann amháin scóir, gheobhfaidh an foireann eile scóir chomh maith. Ní thuigim cén fáth go dtógann Noel McGrath na puc sleasa go léir nuair, chun an fhírinne a rá, is beag ceann a théann thar an trasnán. Ceapaim tar éis an dara ceann a chuir ar fóraoil, go ndéarfaidh an bainistaíocht 'chuir isteach sa líne lán tosaigh é' nó 'féach amach don fhear saor'. Is imreoir den scoth é Noel McGrath agus is féidir leis iad a chuir thar an trasnán ach nuair a théann siad ar strae, is cur amú iad.

Chuir Noel McGrath cúpla cúilín amú ó pucanna sleasa 
Ar aon nós, chuaigh Tiobraid Árann chun cinn le cúpla scóir deasa ó Gearóid Ryan agus Noel McGrath, sular tháinig an laoch Lar Corbett isteach do James Barry. Le deich nóiméid le dul, bhí Tiobraid Árann chun cinn le farasbarr dhá cúilín. Tar éis cúilín ó Lar, bhain Graeme Mulcachy an chúl amach, ach le cinne coinspóideah ó Barry Kelly, níor ceadaíodh é. Nuair a d'fhéach sé go raibh an cluiche seo thart, sheas buachaillí Luimnigh suas chun an phláta agus cé eile ach Shane Dowling. Muna fheiceann tú ar aon rud eile anocht, féach ar buachphaointí The Sunday Game ar RTÉ 2 ag 9.30i.n. chun an chúl sin a fheiscint. Dochreidte!
Filleadh Lar Corbett i ngeansaí TÁ 

Gach rud cothrom arís agus bhí deis ag Shane Bourke do Tiobraid Árann ach chuaigh sé ar stré. Lig sé sin deis do ionadaí Luimnigh, Tom Ryan laoch a dhéanamh dó féin agus bheilt sé ceann thar an trasnán chun Luimneach a chuir chun cinn. Dhein Séamus Hicky deimhin de sin le cúilín eile agus mar sin, tá Luimneach fós mar seaimpíní na Mumhan. Thaispéain an dhá foireann scil agus croí le Luimneach beagáinín níos deise faoi dheireadh. Scór deireanach ná Luimneach 2-18, Tiobraid Árann 2-16