Monday 21 July 2014

Pictiúirí na Seachtainne

Tar éis gach deireadh seactainne, teastaíonn uaim na pictúirí is fearr a chuir suas ar an mblag. Faighim iad seo  ó Sportsfile, Inpho agus GAA.ie agus roinnt áiteanna eile. Bainigí taitneamh astu. Má bhfuil aon moladh agaibh, chuir chugam iad sa bhosca comments nó ar @pucsoar ar Twitter nó anseo ar Facebook. 

An slua ag Port Láirge i gcoinne Loch Garman i bPáirc Uí Nualláin

Nuacht na Seachtainne 21/07/14

Dia dhaoibh!

Ní raibh ach cluiche amháin againn i gCraobh Comortas Iománaíochta an tseachtain seo agus an cluiche idir Loch Garman agus Port Láirge a bhí i gceist. Mar a dúirt mé cheanna, níl Sky agam sa bhaile agus mar sin níl mé ábalta na cluiche go léir a fheiscint.

Tuesday 15 July 2014

Pictiúirí na Seachtainne

Tar éis gach deireadh seactainne, teastaíonn uaim na pictúirí is fearr a chuir suas ar an mblag. Faighim iad seo  ó Sportsfile, Inpho agus GAA.ie agus roinnt áiteanna eile. Bainigí taitneamh astu. Má bhfuil aon moladh agaibh, chuir chugam iad sa bhosca comments nó ar @pucsoar ar Twitter nó anseo ar Facebook. 

Seamus Harnedy tar éis cúl a scóireáil

'Corcaigh Abú, Rebels Abú, The Rebels Are Back!'

Níl aon ionadh ann gur tacadóir Chorcaí mé agus níor bhain mórán an méid taitneamh as an Domhnach ná mise. Tá muintir Chorcaí ag feithimh ar feadh ocht mbliana don chorn seo agus is deacair a chreidúint gurb é Pat Mulcahy a d'ardaigh í an uair deireanach do Chorcaigh. Chuir Patrick Cronin deireadh le sin nuair a thug sé óráid deas (leath dó as Gaeilge) tar éis do Chorcaigh an bua a fháil ar Luimneach le 2-24 go dtí 0-24. 

Seampíní arís!

Monday 7 July 2014

Pictuirí na Seachtainne

Tar éis gach deireadh seactainne, teastaíonn uaim na pictúirí is fearr a chuir suas ar an mblag. Faighim iad seo  ó Sportsfile, Inpho agus GAA.ie agus roinnt áiteanna eile. Bainigí taitneamh astu. Má bhfuil aon moladh agaibh, chuir chugam iad sa bhosca comments nó ar @pucsoar ar Twitter nó ar Facebook. 

Ní fuair an Páirc an slán a bhí tuillte aici ach fós is pictiúir iontach é seo. 

Achoimre an Deireadh Seachtainne 7/7/14

Má bhfuil rud éigin fíór ón deireadh seachtainne seo atá thart, is é go bhfuil an craobh comórtas oscailte go leathan le haghaidh aon foireann a theastaíonn uatha seasamh suas agus Liam Mac Carthaigh a aimsiú. An tarna rud atá fíór ná níl aon spóirt ar domhain comh maith le Iománaíocht!

Saturday 5 July 2014

Cluichí na deireadh seachtainne

Dia dhaoibh, 
Toisc go bhfuil roinnt mhaith CLG ar siúl an deireadh seachtainne seo dúirt mé go ndéanfaidh mé post chun é sin a bhriseadh síos do gach éinne. 

An Satharn

  • An Chláir-v-Loch Garman, Babhta Cáilithe 1, Páirc Uí Chíosóg, 3.30i.n. Tá an cluiche se ar súil ar RTÉ 2 ó 3.15i.n ar aghaidh. Is dóigh liom go mbeaidh an Chláir ró-mhaith do Loch Garman ach caithfidh tú smaoineamh go raibh ath-imirt idir eatarthu anuraidh. Tá súil agam go mbeidh sé cóngarach mar is breá liom nuair a imríonn Loch Garman go láidir. Is contae le a lán traidisúin iad agus táim ag súil leis
  • Tiobraid Árann-v-Gaillimh, Babhra Cáilthe 1, Dúlas, 7.00i.n. Tá craoladh beo ar an glcuiche seo ar Sky Sports 3 agus beidh sé ar RTÉ Radió 1 le Brian Cathy comh maith. Níl Sky Sports againn sa bhaile agus mar sin ní bheidh mé ábalta é a fhesicint ach beidh mé ag éisteacht amach ar an raidió. Measaim go bhfuil sé an-deacair roghnú cé atá an cluiche seo a bhuachint. Níl mórán feicithe againn ó Tiobraid Árann ach beidh siad ag súil go rachaidh siad níos faide ná Craobh Comórtas 2013. Is dóigh liom go mbeidh sé cóngarach ach táim chun dul le Tiobraid Árann chun é a scrábadh. 
An Domhnach

  • Cill Ceannaigh -v- Baile Átha Chliath, Cluiche Craoibhe Laighin, Páirc an Chrócaigh, 4.00i.n. Tá an cluiche á craoadh ar The Sunday Game ar RTÉ 2 ach ní bheidh mé ábalta é seo a fheiscint ach an oiread mar go mbeidh mé ag Cluiche Craoibhe Peile na Mumhan i bPáirc Uí Chaoimh. Arís, deacair é seo a ghlaoigh mar níleamar ró cinnt cé comh maith is atá Baile Átha Chliath nó Cill Ceannaigh. Ar an lá, d'fhéadfach an dhá foireann buachaint ar éinne. Táím chun dul le Cill Ceannaigh toisc go bhfuil siad úr agus níl Cluiche Craibhe Laighin buaite acu le cúpla bliain.
  • The Sunday Game RTÉ 2, 9.30i.n. Ná déan dearmad chun na cluichí go léir a fháílt ar an Sunday Game 
An Luan
  • GAA 2014, TG4, 8.30i.n. Measaim go bhfuil an clár seo níos fearr ná an Sunday Game le haghaidh buachpaointí. De ghnáth bíonn níos mó buachpaointí acu toisc nách bhfuil aon anailís ann. 
Bainigí taitneamh as an deireadh seachtainne agus bígí slán!