Tuesday 19 August 2014

Brón, Díomá agus Iománaíocht.

Chun a bheith macánta, nílim ag tnúth le an post seo a scríobh. Táím ag fáilt é deacair díleáil leis an caillúint ar an Domhnach mar atá éinne eile ó Chorcaigh. Ach déanfaidh mé mo dhícheall. Seo linn.. 

Wednesday 13 August 2014

Ríthe na hIomáinte

Haigh a chairde! 
Le déanaí, bím déanach le postanna agus tá brón orm ach, is sainchaitheamh é seo agus ní post é. Ní bhíónn an tam agam gach seachtain ach táim ag déanamh mo dhícheall. Ar aon nós, go dtí an caint dáiríre!

An domhnach seo caite, chonaiceamar rud speisialta. Creidim é sin. Níl mórán lúthchleasaithe a bheadh ábalta dul amach ar an bpáirc ar feadh breis is seachtó nóiméid agus imirt chomh maith sin in aimsir chomh olc. Bhí sé dian, ach bhí sé mar iontas chun feachaint air. Thosnaigh Cill Cheannaigh mall agus bhí Luimneach ag dul go maith. Le sin, ní raibh Luimneach ábalta na gCait a chuir chun luí agus fuair Richie Hogan cúl iontach chun an buntáiste a thabhairt do Chill Cheannaigh ag dul isteach ag an mbriseadh. Bhí sé sin an-dhian ar Luimneach, chun cúl a ghéilleadh ag an am sin. Thóg Richie é go maith áfach agus d'úsaid sé a neart chun stróicadh tríd cosaint Luimnigh. 



Ag caint ar an réiteoir James McGrath, cheap mé go raibh an ceart aige nár loit sé an cluiche le an iomarca pucanna saor ach fuair sé roinnt rud mícheart. Bhí sé de cheart aige Donal Ó Grady a chuir den bpáirc tar éis Richie Power a tharraingt chun talamh. Bhí sé deacair a rá an raibh sé lastigh den bhosca ach ceapaim mé féin go raibh Richie ach ní raibh Donal. Bhí roinnt rud eile chomh maith (Shefflin sa bhosca etc.) ach níl aon paointe a bheith ag caint ar rudaí mar sin anois. 

An rud is tabhachtaí faoin gcluiche seo agus an difríocht idir an dhá foireann ná go raibh Cill Cheannaigh ábalta an líontán a bhaint amach agus theip ar Luimneach é sin a dhéanamh. Thainig an tarna cúl díreach ag an nóiméid ceart do Cill Cheannaigh mar bhí Luimneach tar éis an móiminteam a fháilt ar ais ag an bpaointe sin. Bhí brón orm gur chaill Luimneach go háirithe tar éis Seamus Hickey an agallamh chomh mothúchanach  sin a dhéanamh ach i ndáiríre, bhí an mheas agam ar leaids Cill Cheannaigh tar éis an cluiche chomh maith. Tá na pocaí acu trom le boinn ach nuair a shéid James McGrath an feadóg dheireadh an lá faoi dheireadh bhíodar chomh sásta, cheapfeá go rabhadhar tar éis dul deich mblian ó bhuadar Craobh na hEireann. 

An céad ceist eile ná an bhfuil siad maith go leor chun Craobh na hÉireann a bhuacaint. Bheadh sé amadach nó a rá. Beidh Brian Cody an-shásta mar bhuadar an cluiche crua sin gan imirt don seachtó nóiméid. Ceist eile ná an bhfuil siad ábalta an seachtó nóiméid a imirt? Cíthimíd is dócha!

Thursday 7 August 2014

Cad ar chiall me?

Haigh a chairde! Mar is eol daoibh, bhíos ar lathanta saoire ar feadh cúpla lá agus chiall mé cúpla cluiche. Anois táim ar ais agus teastaíonn uaim an caint go léir a chloisint! Abair liom ar Facebook nó Twitter nó fág 'comment' shíos. 

An cluiche go raibh an méid is mó suime agam inti ná Tiobraid Árann agus Baile Átha Chliath. Níor chonaic mé an cluiche ina hiomlán ach ón méid ar chonaic mé ar The Sunday Game bhí roinnt nótaí agam. Ar an céad dul síos, bhí cúlaithe na Dubs go huasfásach amach is amach. Chuir siad Corcaigh i gcraobh na hÉireann anuraidh i gcuimhne dom. Bhí an méid sin spás ann, bhí sé stiúdadh! Ní haon ionadh é go bhfuair TÁ an méid sin scóireanna. Bhí tosaithe TÁ an-mhaith, go háirithe Bonnar Mahar ach ní raibh mórán ina gcoinne. Is dóigh liom (agus táim ag súil leis) go mbeidh Corcaigh i bhfad níos déine orthu sa rannóg sin. Bhí paointe maith ag Ger Loughnane agus Donal Óg Cusack ar the Sunday Game nách raibh tosaithe TÁ an liathróid ard a bhuachaint in aon chor. Thaispeáin siad cúpla fís agus bhí sí sóiléir go raibh fadhbanna acu le sin. Níor mhótar na Dubs don lá (nó an bliain) ar fad agus is mór an trua é sin tar éis dóibh Craobh Leighin a bhuachaint an bhlian seo caite. Bhí an argóint faoin dé-imreoir ag na leaids ar an dteilifís agus is deacair dul ina gcoinne. Má bhfuil buachaillí óga chun iomáint a imirt faoi aois agus athrú go dtí an peil nuair a thagann an am, tá sé an-dhian ar buachaillí eile a chiall amach ar forbairt toisc go raibh an buachaill eile ar an bpaneil roimhe súid. Go nádúrtha, is breá liom fir ag imirt an dhá cóid ach tá roinnt rud a caithfar labhairt faoi. Beidh an cluiche idir Tiobraid Árann agus Corcaigh go hiontach. Tá súil agam nách mbeidh meirg ar na Reibilúinigh tar éis an luí ar feadh cúpla seachtain. Tá an ocras ar muintir Chorcaí do Chorn Liam Mac Carthaigh. Más féidir le cúlaithe Chorcaí dul i ngleic le Seamus Callanan agus Bonnar Mahar agus a léithéid, ceapaim gur féidir linn bua a fháilt ar an sean céile comhairc

Sa chluiche eile, is mór an trua é nách raibh an 'fairytale ending' ag Loch Garman. Bhain mé an-taitneamh as  a bheith ag féachaint orthu le cúpla seachtain anuas. Bhí Luimneach go maith ach mar a dúirt Donal Óg, ní bheidh siad ábalta siúl trí cosaintóirí Cill Channaigh comh héasca agus a dhein siad i gcoinne Loch Garman. Bhí tionchar ag tuirse ar imirt Loch Garman agus níl aon dabht go raibh sé an dheacair orthu an méid sin iomáint a dhéanamh lastigh do am teoranta. Chuir Luimneach roinnt maith liathróid ar foraoil ach mar a dúírt Shane Dowling, ar a laghad bhí na deiseanna á fháilt acu. Táim ag súil go mór leis an cluiche mór ar an Domhnach idir iad súid agus na gCait. 

Sin é ar feadh seachtain eile a chairde. Abair libh má tá tuairim agaibh. Beidh mé ar ais ar an Luan le tuilleadh anailís.